Bhain sí sult as an saol. Deir sí a urnaí go fóill gach oíche. Measann sí nach ndéanann obair chrua dochar ar bith do dhuine. Tá a deirfiúracha uilig curtha roimpi. D’fhoghlaim sí an Ghaeilge nuair a tháinig sí anall as Glaschú agus í beag. Ní raibh béarla iontach maith acu.